This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0634
Case C-634/20: Judgment of the Court (Sixth Chamber) of 3 March 2022 (request for a preliminary ruling from the Korkein hallinto-oikeus — Finland) — Proceedings brought by A (Reference for a preliminary ruling — Recognition of professional qualifications — Directive 2005/36/EC — Scope — Conditions for obtaining authorisation to pursue the profession of doctor independently in the host Member State — Diploma issued in the home Member State — Right to pursue the profession of doctor limited to a period of three years — Supervision of a licensed doctor and concomitant completion of three years of special training in general medical practice — Articles 45 and 49 TFEU)
Cás C-634/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlainn) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A (Tarchur chun réamhrialú – Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla – Treoir 2005/36/CE – Raon feidhme – Coinníollacha chun an ceart cleachtais gairmithe leighis neamhspleách a fháil sa Bhallstát óstach – Dioplóma eisithe sa Bhallstát baile – Teorainn ar an gceart cleachtais gairmithe leighis go tréimhse trí bliana – Maoirseacht ag dochtúir agus sainoiliúint chomhchéimneach sa leigheas ginearálta thar thréimhse trí bliana – Airteagail 45 agus 49 CFAE)
Cás C-634/20: Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlainn) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A (Tarchur chun réamhrialú – Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla – Treoir 2005/36/CE – Raon feidhme – Coinníollacha chun an ceart cleachtais gairmithe leighis neamhspleách a fháil sa Bhallstát óstach – Dioplóma eisithe sa Bhallstát baile – Teorainn ar an gceart cleachtais gairmithe leighis go tréimhse trí bliana – Maoirseacht ag dochtúir agus sainoiliúint chomhchéimneach sa leigheas ginearálta thar thréimhse trí bliana – Airteagail 45 agus 49 CFAE)
IO C 171, 25.4.2022, pp. 13–14
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 171, 25.4.2022, pp. 12–13
(GA)
25.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 171/12 |
Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlainn) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A
(Cás C-634/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla - Treoir 2005/36/CE - Raon feidhme - Coinníollacha chun an ceart cleachtais gairmithe leighis neamhspleách a fháil sa Bhallstát óstach - Dioplóma eisithe sa Bhallstát baile - Teorainn ar an gceart cleachtais gairmithe leighis go tréimhse trí bliana - Maoirseacht ag dochtúir agus sainoiliúint chomhchéimneach sa leigheas ginearálta thar thréimhse trí bliana - Airteagail 45 agus 49 CFAE)
(2022/C 171/16)
Teanga an cháis: an Fhionlainnis
An Chúirt a rinne an tarchur
Korkein hallinto-oikeus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A
I láthair: Sosiaali- ja terveysalan lupa- ja valvontavirasto
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 45 agus Airteagal 49 CFAE a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar údarás inniúil an Bhallstáit óstach ó cheart a dheonú do dhuine, ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta, gairm an dochtúra a fheidhmiú atá teoranta do thréimhse trí bliana agus faoi réir an choinníll dúbailte, ar thaobh amháin, a bheith ag cleachtadh faoi threoir agus faoi mhaoirseacht dochtúra atá ceadúnaithe, agus, ar an taobh eile, go ndéanann sé/sí go rathúil, le linn na tréimhse céanna, sainoiliúint sa leigheas ginearálta ar feadh trí bliana, chun a bheith in ann an ceart a fháil chun gairm an dochtúra a chleachtadh go neamhspleách sa Bhallstát óstach, ós rud é go bhfuil deimhniú oiliúna ag an duine lena mbaineann, a bhfuil bunoiliúint leighis críochnaithe acu sa Bhallstát baile, i leith Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, dá dtagraítear i bpointe 5.1.1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, arna leasú le Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013, ach nach bhfuil an deimhniú dá dtagraítear ann, gur críochnaíodh tréimhse oiliúna gairmiúla bliana a éilíonn an Ballstát baile mar choinníoll breise do cháilíochtaí gairmiúla.