Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0129

Cás T-129/22: Caingean arna tabhairt an 7 Márta 2022 – Simba Toys v EUIPO – Master Gift Import (BIMBA TOYS)

IO C 171, 25.4.2022, pp. 44–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 171, 25.4.2022, pp. 34–34 (GA)

25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 171/34


Caingean arna tabhairt an 7 Márta 2022 – Simba Toys v EUIPO – Master Gift Import (BIMBA TOYS)

(Cás T-129/22)

(2022/C 171/60)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Simba Toys GmbH & Co. KG (Fürth, an Ghearmáin) (ionadaí: O. Ruhl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Master Gift Import, SLU (Ronda, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “BIMBA TOYS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 846 486

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 20 Nollaig 2021 i gCás R 629/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top